
Cormac Ó Gráda discusses the impact of war on civilians and the historical context of military tactics in the latest episode of 'Paiste cainte'.
Agus gan aon stad le hainnise na cogaíochta ar fud an domhain, tá an staraí aitheanta Cormac Ó Gráda i dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ Labhraíonn sé faoina mhórshaothar is déanaí Hidden Victims: Civilian Casualties of the Two World Wars, ina n-áitíonn sé gur sibhialtaigh ab ea 65 milliún den 100 milliún duine a maraíodh sa dá chogadh domhanda. An gorta, agus an t-ocras agus na galair a leanann é ba thrúig bháis do 30 milliún de na sibhialtaigh sin, a deir sé. Tráchtann Cormac chomh maith ar an athrú a tháinig ar mhodhanna cogaíochta agus teaicticí míleata agus ar an athrú a tháinig ar ár dtuiscint ar mharú pobail dá bharr, ón mbuamáil ón aer go dtí an cinedhíothú. Pléann sé cás mhuintir na Palaistíne. ‘Nuair a fheiceann tú an scrios atá déanta ar Gaza…chaithfeá a rá gur d’aon ghnó a deineadh é sin,’ a deir sé. Tráchtann sé chomh maith ar an gcogadh san Úcráin, ar mhímhoráltacht na cogaíochta agus ar uafás an Uileloiscthe. Ar deireadh pléitear ceist an dóchais agus an éadochais i bhfianaise na rudaí uafásacha a tharlaíonn le linn cogaidh.
Host: Helen Ní Shé
Guest: Cormac Ó Gráda
Books & works: Hidden Victims: Civilian Casualties of the Two World Wars
Places: Gaza, Úcráin, Palaistíne
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast page.