
Helen Ní Shé interviews Sorcha Ní Chatháin about her experiences as a principal and a single mother in the Gaeltacht.
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ ar Tuairisc Sorcha Ní Chatháin, Príomhoide Bhunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh atá i dteannta Helen. Bhí an scoil i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas a troideadh sa phobal leis an scoil a choimeád oscailte, aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach di agus pátrúnacht mar scoil ilchreidmheach a chur i bhfeidhm i scoil bheag tuaithe. Thug Helen aghaidh ar Uíbh Ráthach le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh le Sorcha agus aithne a chur ar an mbean lasmuigh de dhoirse na scoile. Labhair siad faoin tógáil a fuair sí óna máthair Maj, arb as an tSualainn di, agus a hathair, an t-iar-Ollamh i Roinn an Bhéaloidis in UCD, Séamus Ó Catháin. Labhrann siad chomh maith faoin bhfiosracht a thagann agus a imíonn i gcás an pháiste uchtaithe agus faoin mbuaine a bhaineann leis ngrá a thugann a tuismitheoirí di. Labhrann Sorcha faoin mbród atá uirthi gur éirigh léi buachaill óg álainn, Luke, a thógáil mar mháthair shingil, agus faoin gcinneadh mór a rinne sí bogadh go dtí Uíbh Ráthach chun tús a chur le saol nua, lena fear Ger. Pléann siad chomh maith an tábhacht a bhaineann le labhairt amach faoinár…
Host: Helen Ní Shé
Guest: Sorcha Ní Chatháin
Organizations: Bhunscoil an Ghleanna
Places: Uíbh Ráthaigh
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast page.