
This episode covers the latest news including military orders from the US, a new album release, and political commentary.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz an cogadh leis an Iaráin. Tá láithreacht mhíleata láidir ag na Stáit Aontaithe sa Ghearmáin ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus thart ar tríocha cúig míle saighdiúir ann faoi láthair. Ag an am chéanna, níor thángthas ar réiteach go fóill le deireadh buan a chur leis an chogadh, agus mharaigh ionsaithe Iosraelacha dháréag sa Liobáin le cúpla lá anuas. Tá albam úr Kneecap FENIAN ar fáil ó inné, Lá Bealtaine. Rinne siad an t-albam leis an léiritheoir ceoil mór le rá Dan Carey, a d'oibrigh le grúpaí ar nós Fontaines DC agus Franz Ferdinand roimhe seo. Tagann an ceirnín úr i ndiaidh cúpla bliain de chonspóid, agus Mo Chara ag dul i ngleic le cúiseamh go raibh sé ag tacú le grúpaí toirmiscthe. Tá cúrsaí polaitíochta faoi chaibidil go mór san albam nua, agus rapálaí…
Host: Siubhán Nic Amhlaoibh
Organizations: Kneecap, Dan Carey
Books & works: FENIAN
Places: Ghearmáin, Liobáin, Céinia
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.