Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru

Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru

May 6, 2026 · 22 min

About this episode

Gráinne McElwain discusses her transition from teaching to a successful career in sports media.

Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir.  D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt.  Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4.  Tá a ceird forbartha go paiteanta aici agus an-taithí go deo aici a bheith ag cur faoi agallamh imreoirí, bainisteoirí agus tráchtairí spóirt.  Ach ní earnáil éasca í na meáin in aon chor, agus is minic go mbíonn níos mó ama caite ar an bhóthar ag taistil ná os comhair an cheamara.  Mar sin de, cad iad na buaicphointe agus an crá croí is mó a bhaineann leis an saol seo, saite sa spóirt?  Agus i dtaca leis an láithriú de agus maidir lena a bheith ag caint go poiblí, cad iad na do’s and don’ts atá le foghlaim?  Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an láithreoir spóirt Gráinne McElwain faoina saol oibre agus faoina togra úr ‘Own My Stage’.    Foclóir:  Togra: Project   Seomra foirne: Staff room  Nathanna cainte: Phrases or sayings &nbsp…

Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Seachtain podcast page.