
The episode discusses the challenges of vacant homes in the Gaeltacht and the efforts to address the housing crisis.
Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta. Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta. Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht. Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid. Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht? Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo? Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Deontas: Grant Athchóiriú: Renovation Tithe folmha: Vacant houses Tréigthe: Abandoned Díon: Roof Bothán: An old rudimentary house A mheas: To assess Fostaíocht: Employment Na scéaltaí rathúla: Success stories Íochta amach: Paid out Ag baint leas as: Benefitting from …
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Seachtain podcast page.