
Daráine Mulvihill shares her personal experience with meningitis and its impact on her life and career.
Bhuail ráig den ghalar meiningíteas oirdheisceart Shasana le déanaí agus sciob sí chun siúil beirt mac léinn agus d’fhág a thuilleadh an-bhreoite. Chuir an scéal i gcuimhne do Helen cás Dharáine Mulvihill an craoltóir agus gníomhaí de bhunadh Chorca Dhuibhne ar bhuail an meiningíteas í is í ina déagóir 20 bliain ó shin. B’ábhar misnigh do Helen bualadh le Daráine le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh léi ag baile i gcontae na Mí faoin lorg a d’fhág an galar sin uirthi. Bhí Daráine chomh tinn an uair sin 20 bliain ó shin go ndúradh lena tuismitheoirí a bheith ag fáil faoi réir chun slán a fhágáil léi mar nach mairfeadh sí an oíche. Cuireadh an ola dhéanach ar Dharáine ach tháinig sí slán. Tar éis sé seachtaine san ospidéal dúradh léi go gcaithfí an dá chos a bhaint di. Cuimhníonn Daráine, a bhí ina lúthchleasaí óg, siar ar na laethanta sin nuair a d’athraigh a saol go deo agus ar na blianta ina dhiaidh. Bhí sé deacair nuair a bhí sí ina déagóir agus bíonn sé deacair go fóill, ach caithfidh meon dearfach a bheith agat, a deir sí. Sa phaiste cainte spreagúil seo labhraíonn Daráine chomh maith faoi thábhacht a muintire, a cairde agus lucht a scoile. Tráchtann sí ar a saol mar…
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast page.