
Helen Ní Shé interviews artist Róisín Ní Chionnfhlaolaidh about her life, influences, and the importance of art in the community.
Is ar ais in Uíbh Ráthach atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag bualadh leis an ealaíontóir gloine Róisín Ní Chionnfhlaolaidh. An dúlra agus an fharraige go háirithe a spreagann Róisín agus formhór a saoil caite aici cois cósta, ar a fód dúchais sa Rinn i nGaeltacht na nDéise go dtí an Rinn Rua i ndeisceart Chiarraí, áit a bhfuil sí anois ina cónaí lena clann. Labhair sí le Helen faoin tionchar a bhí ag an ealaín ar a hóige, na healaíontóirí i measc a muintire agus a bheith ag cur isteach ar chomórtais san Irish Press agus í ina gasúr. Tá tréimhsí caite ag Róisín mar ealaíontóir cónaithe in ionad Chill Rialaig suas an bóthar uaithi i mBaile an Sceilg agus sa Díseart sa Daingean chomh maith agus d’inis sí dúinn faoin tábhacht a bhíonn le ciúnas agus tearmann don ealaíontóir agus tábhacht na healaíne don phobal. Labhair Róisín chomh maith faoi na dúshláin a bhaineann le saol an ealaíontóra agus faoi na fadhbanna sláinte a bhí aici féin le blianta beaga anuas. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the…
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast page.