
Dáithí Ó Sé discusses his upcoming 50th birthday and various aspects of his career and heritage with Helen Ní Shé.
Mar láithreoir ar an Today Show agus comórtas Rós Thrá Lí, tá Dáithí Ó Sé ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír le fada. Beidh breithlá mór ag Dáithí an tseachtain seo chugainn agus é 50 bliain d’aois. Ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ labhraíonn sé le Helen faoi sin agus faoi go leor eile. Pléann Dáithí a chuid oibre agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann léi, an t-athrú atá tagtha ar Fhéile Rós Thrá Lí, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeltacht dó, a mhuintir agus an oidhreacht a d'fhág a thuismitheoirí aige. Tráchtann sé ar bheith ina 'agony aunt' agus a 'style icon' agus faoin gcinneadh a dhein sé nuair a bhí sé ag éirí maol go ndéanfadh sé rud éigin faoi. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Host: Helen Ní Shé
Guest: Dáithí Ó Sé
Places: Gaeltacht Chorca Dhuibhne
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast page.