‘Tá sé ar nós an scannáin 'Fight Club', tá an rialtas á bpuinseáil féin san éadan an t-am uilig’

‘Tá sé ar nós an scannáin 'Fight Club', tá an rialtas á bpuinseáil féin san éadan an t-am uilig’

June 4, 2026 · 49 min · Season 3 · Episode 44

About this episode

The episode discusses the government's lack of plans for new Irish language schools and the implications for the community.

Tuairiscíodh san Irish Times an tseachtain seo go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gaeltachta Dara Calleary chun labhairt leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton maidir leis an scéal nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana. Agus í in éineacht le Bridget, Seán Tadhg agus Maitiú ar an eagrán seo, deir Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an chosúlacht ann gur tháinig an scéal sin aniar aduaidh ar Martin agus Calleary ach nach mbeadh sé tar éis iontas ar bith a chur ar phobal na Gaeilge. Deirtear nach mbeadh ar an rialtas mórán a dhéanamh maidir leis an nGaeloideachas chun dea-thoil a chothú i measc an phobail agus pléitear an scéal i bhfianaise torthaí mórshuirbhé náisiúnta faoin nGaeilge a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge le gairid. Deirtear go mbraitear soiniciúlacht maidir le suirbhéanna faoin nGaeilge go minic ach go bhfuil ábhar suntais agus misnigh i gcuid de na torthaí áirithe seo. Cloistear chomh maith comparáid idir dea-thoil a bheith ag duine don Ghaeltacht agus pota iógairt a ghlanadh. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge…

People in this episode

Host: Tuairisc

Guest: Gormfhlaith Ní Thuairisg

Topics covered

Keywords

Mentioned in this episode

Organizations: RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge

More episodes of AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast page.