
Nóra Uí Chuinn shares her experiences during the miners' strike in the UK and her journey in healthcare.
Is beag Éireannach go mbeadh sé le rá acu go raibh cosán déanta acu go dtí Uimhir 10 Sráid Downing le linn do Mhaggie Thatcher a bheith ina príomhaire ar an mBreatain ach is amhlaidh a bhí ag aoi na seachtaine seo, Nóra Uí Chuinn. Tréimhse chorraitheach i stair na Breataine ab ea iad na blianta 1984 agus 1985, tráth go raibh na mianadóirí ar stailc faoi stiúir Arthur Scargill agus Thatcher agus an Bord Guail ag iarraidh smacht a chur ar na ceardchumannaithe. Ar Nóra Uí Chuinn, cailín óg ó Chonamara, a bhí ina rúnaí leis an mBord Guail, a thit sé teachtaireachtaí a thabhairt ón mbord go dtí oifig an phríomh-aire i Sráid Downing. Deir Nóra le Helen go mbeidh cuimhneamh go deo aici ar an tréimhse sin dá saol, más gairid féin í. Sna Doiriú ar Bhóthar Loch an Iolra a saolaíodh Nóra agus is ann a chaitheann sí cuid mhaith mhór dá saol anois. I ndiaidh na tréimhse a chaith sí le hobair rúnaíochta i Sasana chuir sí lena haistear léinn i réimse an leighis. Altra sárcháilithe a chuir teagasc ar altraí óga ab ea í agus ardmheas ar a saineolas ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcúram croí go háirithe. Labhraíonn siad faoi na cúrsaí sin agus faoi conas aire a thabhairt don chroí. Tráchtann…
Host: Helen Ní Shé
Guest: Nóra Uí Chuinn
Organizations: Bord Guail
Places: Uimhir 10 Sráid Downing, Conamara, Londan, Boston
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast page.