
This episode covers the week's news including a legal case involving Gerry Adams and highlights from the Oscars.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a bhfuair siad sna hionsaithe i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996. Dé hAoine, ar lá dheireanach na trialach, a mhair coicís, dhearbhaigh dlíodóirí na n-íospartach go raibh an t-éileamh in aghaidh iar-uachtarán Sinn Fein “scortha … gan ordú ar bith maidir le costas.” Tar éis an fhógra, chuir Adams ráiteas amach ag preasócáid i mBéal Feirste ag rá gur fhreastail sé ar an triail le meas a léiriú do na h-íospartaigh agus leis féin a chosaint “in aghaidh na smál agus na gcúiseamh fánach a cuireadh i mo choinne.” Cuireadh deireadh leis an triail tar éis naoi lá d'éisteachtaí os comhair an Bhreithimh Swift san Ard-Chúirt i Londain. Bhí an lámh in uachtar ag an scéinséir polaitiúla One Battle After Another ag na hOscars i mbliana, le sé bhua agus an pictiúr is fearr aige san áireamh…
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.