
About this episode
This episode discusses current events including the ongoing conflict in Iran and legal issues surrounding social media companies.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh ag leanúint ar aghaidh leis an gcogadh san Iaráin an tseachtain seo, in ainneoin go bhfuil Caolas Hormuz fós fé smacht na hIaráine agus praghas na hola an-ard go fóill. Dhein Uachtarán Mheiriceá Donald Trump bagairt buamála i gcoinne na nIaránach an tseachtain seo caite mar gheall ar an ndúnadh i gCaolas Hormuz, ach ansan tharraing sé siar an bhagairt agus dúirt sé go raibh na hIaránaigh i mbun comhráite; shéan na hIaránaigh é so go láidir an lá ina dhiaidh san. Tá na Iosraelaigh ag seoladh trúpaí isteach sa Liobáin chomh maith, agus iad ag rá go bhfuil siad ag iarraidh crios maolánach a chruthú idir Iosrael agus forsaí Hezbollah. Ach de réir Amnesty International, tá Iosrael ag dul in aghaidh an dlí idirnáisiúnta leis an ionradh so. Dheimhnigh giuiré cúirte in Los Angeles go bhfuil ar Google agus Meta $3 mhilliún a íoc le bean óg a dúirt go raibh sí gafa lena gcuid meán sóisialta. Mhaígh an bhean gur cúis andúile iad na meáin shóisialta mar gheall ar an ndearadh atá orthu, seachas na hábhair atá orthu. De…
People in this episode
Host: Niall Ó Cuileagáin
Topics covered
- current events
- Middle East conflict
- social media impact
- international law
- legal cases
Keywords
- Iaráin
- Iosrael
- cogadh
- meán sóisialta
- Amnesty International
- Meta
- Los Angeles
- dúnadh
Mentioned in this episode
Organizations: Amnesty International, Google, Meta, Snap, TikTok
Places: Iaráin, Iosrael, Liobáin, Los Angeles
More episodes of Nuacht Mhall
- 6 Meitheamh 2026 (Maigh Eo) · June 6, 2026 · 8 min
- 30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall) · May 30, 2026 · 7 min
- 24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann) · May 24, 2026 · 8 min
- 16 Bealtaine 2026 (Gaillimh) · May 16, 2026 · 6 min
- 9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain) · May 9, 2026 · 9 min
- 2 Bealtaine 2026 (An Dún) · May 2, 2026 · 8 min
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.