
This episode covers the latest news including political developments in the U.S. and Ireland, as well as a recent sports match.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamabad. Thug Trump rabhadh gurb é seo an síneadh "deiridh", agus bhagair sé ionsaithe ar bhonneagar na hIaráine mura n-aontaítear margadh. Tá léigear cabhlaigh na Stát Aontaithe fós i bhfeidhm; cáineann Tehran é seo mar "ghníomh cogaidh" agus mar shárú ar an sos cogaidh. Leanfar leis na cainteanna sa Phacastáin agus an t-am ag rith amach roimh spriocdháta nua na n-uachtarán. Beidh fothoghcháin ar siúl i nBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an Aoine, 22 Bealtaine. Tá suíochán amháin folamh mar d'fhág Paschal Donohoe an Dáil, agus an suíochán eile mar go bhfuil Catherine Connolly ina hUachtarán anois. Tá go leor daoine ag rith cheana féin—deichniúr i mBaile Átha Cliath agus triúr déag i nGaillimh. Is é an 1 Bealtaine an spriocdháta d'ainmniúcháin. De ghnáth…
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.