24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)

24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)

May 24, 2026 · 8 min

About this episode

The episode discusses the recent international aid efforts to Gaza and the political implications surrounding them.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael. Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith…

More episodes of Nuacht Mhall

Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.