
30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall)
From Nuacht Mhall by Conradh na Gaeilge i Londain
May 30, 2026 · 7 min
About this episode
The episode discusses recent news including allegations against Jeffrey Donaldson and weather records in Ireland and Portugal.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D’inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don ghiúire de chúigear ban agus seachtar fear ag Cúirt Chórónach an Iúir, go ndúirt duine de na gearánaigh gur thosaigh an mhí-úsáid agus í fós sa bhunscoil, agus gur leanadh ar aghaidh leis ar feadh roinnt blianta. Dúirt an gearánach eile gur chreid sí gur tharla na teagmhais bainte léi féin thart fán aois chéanna. Agus é i mbun agallamh le póilíní tar éis á ghabhála i Mí an Mhárta 2024, dúirt Donaldson gur rud “dochreidte” a bhí sa chúiseamh éignithe ina aghaidh agus shéan sé na cúisimh a bhí curtha ina leith. Phléadáil iar-cheannaire an DUP neamhchiontach do 18 gcúiseamh agus shéan Bean Donaldson cúig chúiseamh. Deirtear gur tharla na teagmhais idir na blianta 1985 agus 2008 Dé Céadaoin, sáraíodh an churiarracht teochta um mí na Bealtaine in Éirinn ag Aerfort na Sionainne, nuair a…
People in this episode
Host: Alanna Ní Ghallachóir
Topics covered
- current events
- politics
- legal issues
- weather
- sexual abuse allegations
Keywords
- Jeffrey Donaldson
- Alanna Ní Ghallachóir
- sexual abuse
- weather records
- Ireland
- Portugal
Mentioned in this episode
Places: Dún na nGall, Éirinn, Portaingéil
More episodes of Nuacht Mhall
- 6 Meitheamh 2026 (Maigh Eo) · June 6, 2026 · 8 min
- 24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann) · May 24, 2026 · 8 min
- 16 Bealtaine 2026 (Gaillimh) · May 16, 2026 · 6 min
- 9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain) · May 9, 2026 · 9 min
- 2 Bealtaine 2026 (An Dún) · May 2, 2026 · 8 min
- 25 Aibreán 2026 (Ard Mhacha) · April 25, 2026 · 7 min
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.