9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain)

9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain)

From Nuacht Mhall by Conradh na Gaeilge i Londain

May 9, 2026 · 9 min

About this episode

The episode discusses the latest news including a viral outbreak on a ship and funding issues for a geographical names project in Northern Ireland.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig. Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987, le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach…

People in this episode

Host: Niall Ó Siadhail

Topics covered

  • health
  • news
  • government funding
  • disease outbreak
  • geographical names
  • public health

Keywords

  • hantaivíreas
  • Oileáin Chanáracha
  • Gordon Lyons
  • Caoimhe Archibald
  • Ollscoil na Banríona
  • Sé Chontae
  • disease outbreak
  • government funding

Mentioned in this episode

Organizations: Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Ollscoil na Banríona, Páirtí Daonlathach Aontachtach

Places: hAirgintín, Oileáin Chanáracha, Sé Chontae

More episodes of Nuacht Mhall

Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.