Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Brenda Ní Shúilleabháin: Ag plé leis an ailse – ‘Buíochas an tréith is mó a d’fhorbair sé ionam’

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Brenda Ní Shúilleabháin: Ag plé leis an ailse – ‘Buíochas an tréith is mó a d’fhorbair sé ionam’

May 12, 2026 · 38 min · Season 1 · Episode 37

About this episode

Brenda Ní Shúilleabháin shares her health journey and insights on dealing with cancer in a conversation with Helen Ní Shé.

Aistear sláinte, aistear machnaimh agus ábhar dóchais atá ag Brenda Ní Shúilleabháin, scéalaí, scríbhneoir scripte agus díolamóir, do Helen ar eagrán na seachtaine seo de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…. Bhí Brenda Ní Shúilleabháin ‘in easnamh ón saol’, a deir sí, ar feadh roinnt míonna nuair a fuair sí an drochscéal go raibh ailse fola uirthi. Labhraíonn sí le Helen faoi conas ar chuaigh sí i ngleic leis an scéal, an scanradh agus an t-iontas a bhain leis agus an méid a d’fhoghlaim sí uaidh. Labhair sí faoin gcóir leighis a cuireadh uirthi, faoin gcúram a fuair sí agus faoi conas gur oscailt súl ab ea a cás di faoin gcóras sláinte agus faoi chineáltas an duine. Labhraíonn sí faoin saol atá roimpi i ndiaidh na hailse, faoin PhD atá á chríochnú aici agus faoi cad ina thaobh go ndeir sí gurb é an buíochas an tréith is mó a d’fhorbair an scéal go léir inti. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

People in this episode

Host: Helen Ní Shé

Guest: Brenda Ní Shúilleabháin

Topics covered

Keywords

Mentioned in this episode

Organizations: Tuairisc

More episodes of AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast page.