
The episode discusses housing issues in the Gaeltacht and the impact of making homes available to Irish speakers.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go…
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.