20 Meitheamh 2026 (Luimneach)

20 Meitheamh 2026 (Luimneach)

June 20, 2026 · 6 min

About this episode

This episode covers significant political developments including a new agreement between Donald Trump and Iran, and legislative changes in Ireland regarding abortion waiting periods.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey. Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc na lamháltas sin tá deireadh láithreach le bac cabhlaigh na Stát Aontaithe ar chalafoirt na hIaráine, eisiúint maithiúnais le haghaidh amhola Iaráineach a sheoladh thar lear, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-ardófaí gach smachtbhanna idirnáisiúnta i gcoinne na hIaráine, agus scaoileadh saor na mbilliún dollar i sócmhainní na hIaráine. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, gur “margadh an-mhaith” a bhí ann, ag cur leis go dtacaíonn comhghuaillithe na Stát Aointaothe sa G7 leis “toisc gur comhaontú é a chuireann deireadh le staid éagobhsaíochta móire a raibh iarmhairtí uafásacha aige dár ngeilleagair”. Vótáil na Teachtaí Dála i nDáil Éireann i bhfabhar deireadh a chur leis an tréimhse feithimh éigeantach trí lá le haghaidh ginmhillte. Ritheadh an vóta ar bhille Shinn…

More episodes of Nuacht Mhall

Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.