
This episode covers the recent earthquakes in Venezuela and political developments in Northern Ireland.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forleathan. Tuairiscítear go bhfuil na mílte fós ar iarraidh ar fud na tíre agus foirne tarrthála áitiúla agus idirnáisiúnta ag cuardach marthanóirí. D’fhógair an t-uachtarán eatramhach Delcy Rodriguez staid éigeandála i n-aitheasc don náisiún Dé Céadaoin. Dúirt sí go raibh an rialtas ag cruthú ciste atógála d’ospidéil agus do thithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr na gcreathanna talún. Ciontaíodh iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, i ngach ceann de na 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis leanaí ina choinne, lena n-áirítear éigniú. Fuair an giúiré freisin gur chabhraigh agus gur spreag a bhean chéile, Eleanor, leis, ach níor ciontaíodh í mar gheall ar neamhábaltacht triail a sheasamh. D’aontaigh ionadaithe ó dhá thaobh an deighilt pholaitiúil sa Tuaisceart ina gcáineadh ar iarcheannaire an…
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.