4 Iúil 2026 (Ard Mhacha)

4 Iúil 2026 (Ard Mhacha)

July 4, 2026 · 10 min

About this episode

This episode covers the latest news in Gaelic games and political developments in the UK.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sciobtha, scóráil ard agus toradh an-chóngarach ag an deireadh. Dé Domhnaigh bhí bua stairiúil ag Contae Lú nuair a sháraigh siad Muineachán chun áit a bhaint sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó bhí 1957 ann. Bhí cluiche deacair ag Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, ach d’éirigh leo an bua a fháil i ndiaidh dráma agus conspóide. Rinneadh an tarraingt oifigiúil Dé Domhnaigh agus mar sin, beidh Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Ciarraí, agus Lú ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais. Beidh na cluichí sin ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn. Tar éis do Sir Keir Starmer a fhógairt go mbeidh sé ag éirí as ról an Phríomh-aire, tá Feisire Makerfield Andy Burnham ar tí an post is mó i saol na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe a bhaint amach i lár mhí…

More episodes of Nuacht Mhall

Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.