
This episode discusses the recent arrest of Andrew Mountbatten-Windsor and related news.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor as mí-iompar in oifig phoiblí an tseachtain seo. Ghabh Póilíní Ghleann na Tamaise an t-iarphrionsa ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag 8 a chlog maidin Déardaoin. Tá roinnt áitreabh de chuid an iarphrionsa á gcuardach ag na póilíní, an áit a mbíodh cónaí air in Windsor ina measc. Baineann an scéal lena bhfuil i ríomhphoist a líomhnaitear a sheol Mountbatten-Windsor agus ciontóir gnéis Jeffrey Epstein chuig a chéile – i measc cáipéisí eile – agus ar foilsíodh go leor acu le gairid. Bhí Mountbatten-Windsor ina ionadaí speisialta trádála agus infheistíochta ag Rialtas na Breataine idir 2001 agus 2011 agus líomhnaítear gur thug sé eolas a bhí faoi rún do Jeffrey Epstein – ar infheisteoir proifisiúnta é – i gcaitheamh an achair sin. Chomh maith leis an líomhain sin, tá sé tugtha le fios ag póilíní Ghleann na Tamaise go bhfuil siad ag breathnú ar líomhain gur sheol Epstein bean óg go Sasana le mianta collaí an iarphrionsa a shásamh. Is é Mountbatten-Windsor an t-ochtú duine i…
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.