
The episode discusses recent events in the Middle East, including statements from Iranian President Masoud Pezeshkian and environmental concerns related to Loch nEathach in Ireland.
Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael aerionsaithe a lainseáil ar an Iaráin an deireadh seachtaine seo caite. Maraíodh an tAyatollah Khomeini sna hionsaithe, chomh maith le níos mó na míle sibhialtach, 180 cailín bunscoile san áireamh. Cáineadhan cogadh go hidirnáisiúnta, agus dhiúltaigh an Spáinn do Mheiriceá úsáid a bhaint as bunáiteanna míleata atá roinnte idir an dá thír. Tá sé ráite ag Nick Ashley-Cooper, Iarla Shaftesbury, go bhfuil sé toilteanach Loch nEathach a chur faoi úinéireacht phoiblí “saor in aisce” ach nach réiteoidh sin fadhbanna truaillithe an locha. Tá algaí gormghlasa le feiceáil ar an loch is mó in Éirinn le blianta beaga anuas, rud atá tocsaineach d’ainmhithe, mar gheall ar fhuílleach leasúcháin a úsáidtear ar fheirmeacha timpeall an locha. Dúirt Ashley-Cooper trí bliana ó shin go…
Explore listener stats, chart rankings, contacts and more on the Nuacht Mhall podcast page.